Céad míle fáilte go Tourmakeady

Siúlóid Shléibhte i dTuair Mhic Éadaigh:


Tá Tuar Mhic Éadaigh suite ag bun Sléibhte Partraí, taobh thiar de Loch Measca. Tá an timpeallacht go hálainn le breathnú uirthi agus níl tada níos fearr ná siúlóid sa tráthnóna, nó siúlóid sléibhe do té ar maith leis a dhéanamh. Rinne an grúpa turasóireachta áitiúil mapáil ar chuid de na siúlóidí ó Fhionnaithe go Tuar Mhic Éadaigh. Ba é Joe McDermott a rinne na mapaí. Talamh portaigh is mó atá sna sléibhte. Ciallaíonn portach talamh bog, rud atá a bhfuil a fhios ag chuile siúlóir sléibhte faoi.
(Tá cóipeanna de na léarscáileanna le fáil ón Oifig Turasóireachta áitiúil. Tá na léarscáileanna seo suas go dáta, ach níl ghlacann Grúpa Turasóireachta Tuar Mhic Éadaigh freagracht as caillteanas, gortú nó aon mhíthapa a tharlaíonn de bharr úsáid ná mapaí seo).

Siúlóid Uimhir 3 – Siúlóid Ghleann Sál:

Lean an bóthar miotalach a imíonn suas de réir a chéile ar feadh 2.5km taobh le hAbhainn Bhrain. Críochnaíonn an bóthar ar Ardchlár agus ba cheart a bheith cúramach ag dul trasna Sruthán na gCraobh thart ar 700 méadar ó dheireadh an bhóthair. Le linn drochaimsire b’ fhearr duit compás a thabhairt leat. Tar éis an abhainn a thrasnú, téigh soir ó thuaidh chun teacht go dtí bóthar an phortaigh thart ar 600 méadar ón abhainn agus 100 méadar níos ísle thíos fút.