Céad míle fáilte go tuar mhic éadaigh





Seoladh Poist:

Halla Tuar Mhic Éadaigh, Tuar Mhic Éadaigh,

Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo.

 

R-phost:

eolas@tourmakeady.com

Fón:

00 353 (0) 94 95 44295

 

Is limistéir Gaeltachta é Tuar Mhic Éadaigh le radharcanna álainne atá idir Loch Measca agus Sliabh Phartraí. Ina chroí-lár tá Coill Thuar Mhic Éadaigh, lena cosáin dhúlra agus siúlóidí. Is Coill mhílaoise é, le heas álainn ar abhainn Ghleann Sál.

Is áit chiúin, shíochánta é a d’fheilfeadh daoine atá ag iarraidh siúlóid a dhéanamh. Tá réimse mór plandaí agus fiadhúlra le feiceáil ar na cnocáin síos go dtí an loch. Tá tréithe geografacha le feiceáil atá ann ón oighearaois. Tá réimse mór clocha agus tréithe geolaíochta le feiceáil, a chuireann go mór leis na siúlóidí.

Tá cáil domhanda ar Loch Measca mar áit le haghaidh iascach breac. Tagann iascairí ó timpeall an domhain le haghaidh iascach a dhéanamh anseo. Tá cultúr láidir ann freisin idir teanga, ceol, amhráin agus damhsa.

Go stairiúil bhí an baile bainteach go mór leis an Cogadh na Talún, Athbheochan na Gaeilge agus Cogadh na Saoirse.

Tá go leor féilte agus imeachtaí ar siúl i rith na bliana ar nós Paráid na Feile Padraig, an Seó Talmhaíochta, Ceol na Locha agus Comórtas Corn Eorpach Iascaireachta.
Bíonn fáilte chroíúil roimh cuairteoirí. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi imeachtaí nó aon eolas eile, tabhair cuairt ar ár suíomhanna idirlín www.tourmakeady.com nó www.tourmakeady.ie


Is féidir dul i dteagmháil linn tríd na modhanna seo a leanas:

 


Is féidir leat dul i dteagmháil linn tríd an foirm seo: