Conga

Conga, uaidh Cúnga Fheichín (Saint Feichin’s Narrows), Is baile é Conga i Contae na Gaillimhe agus i gContae Mhaigh Eo, i bPoblacht na hÉireann. Tá sé suite ar an gcósta ó thuaidh de Loch na Coirib, in aice le Baile na Róba agus na sráidbhailte de Neale agus Croise. Tá aithne ar Conga mar gheall ar a chuid sruthanna faoi thalamh ata ceangailte sa Tuairsceart le Loch Coirib agus Loch Measca. Bhí sé fresin mar bhaile do Sir William Wilde, staraí agus athair Oscar Wilde an drámadóir, úrscéalaí, file agus gearrscéalaí.
Is caisleán meánaois atá cois locha í Caisleán Cheapach Corcóige, tá sí ar ceann dena óstáin is fearr in Éireann agus is díol spéise atá ann do thurasóirí chomh maith.

TREORACHA UAIDH CONGA (B) GO TUAR MHIC ÉADAIGH (A):

Tá sampla breá i Conga de mhainistir scriosta meánaoiseach, an áit a bhfuil Rory O’Connor an Rí deirneach Ard-na hÉireann, a fuair bás ann. Tá ealáin Ceilteach i bhfoirm scrín le miotail ar a dtugtar an Chrois Chonga, a léiríonn tionchar na Lochlannach. Tá an ‘Crois Chonga’ coinnithe in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Baile Átha Cliath.

Is i Conga an áit a rinne John Ford’s an scannán An Fear Chiúin (The Quiet Man), a bhuaigh duais Oscar, le aisteoirí cailiúil John Wayne, Maureen O’Hara agus Barry Fitzgerald. Rinneadh cuid mhaith den scannán ar thalamh Caisléan Cheapach Corcóige. D’fhan an baile agus an caisléan gan móran athrú ó 1952 agus ta an-spéis ag na turasóirí i Conga mar gheall ar an ceangal atá ag daoine na háite leis an scannán.

Images of Ashford Castle

Ní raibh taifid Chaitliceach Rómhánach ag Conga go dtí tús 1870. Níl acu ach taifidí Eaglais na hÉireann ón 18ú haois agus 19ú haois agus tá siad coinnithe i Ionad Taighde Teaghlaigh Maigh Eo Theas in aice le Baile na Róba.