Céad míle fáilte go tuar mhic éadaigh
Tá Tuar Mhic Éadaigh lonnaithe sa Ghaeltacht in Éireann.
Cliceáil anseo chun mapa de na Gaeltachtaí in Éireann a fheiceáil:
Bhí an aisteoir Robert Shaw ina chónaí i dTuar Mhic Éadaigh go dtí a bhás i 1978. Bhí cáil air mar gheall ar a chuid oibre ar na scannáin “Jaws” agus “The Sting”.
Tuilleadh eolais faoi Robert Shaw:
Tháinig Na Pluincéidí go Tuar Mhic Éadaigh i 1831, nuair a thóg an chéad Barún Pluincéid, athair an Easpaig, lóiste fiaigh ar thalamh a cheannaigh sé ón tiarna talún áitiúil.
Tuilleadh eolais faoi Ré Na bPluincéidí:
Tá cáil ar Thuar Mhic Éadaigh mar gheall ar a chuid iascaireachta, agus go mór mór ar an méid breac donn atá i Loch Measca.
Tuilleadh eolais faoi iascaireacht i dTuar Mhic Éadaigh:
I rith mí Bealtaine 1921, bhí Cogadh na Saoirse faoi lán-tseoil sa tír seo. Is é Luíochán Tuar Mhic Éadaigh an chéad eachtra mór i gContae Maigh Eo le linn an Chogaidh.
Tuilleadh eolais faoi “Luíochán Tuar Mhic Éadaigh”::
Téann stair úinéireachta Coill Thuar Mhic Éadaigh siar go dtí aimsir na dTiarnaí Talún.
Tuilleadh eolais faoi Choill Thuar Mhic Éadaigh:
Tá go leor bealaigh siúlóide timpeall ar Thuar Mhic Éadaigh, ó “shiúlóidí éasca” go “dreapadh dúshlánach”.
Tuilleadh eolais faoi shiúlóidí i dTuar Mhic Éadaigh:
Seo tuairisc a rinne Kristin Pratt ó Ollscoil Michigan, Stáit Aontaithe Meiriceá. I rith na Samhraidh 2008 rinne sí staidéar ar phlandaí agus fhiadhúlra ceantair Thuar Mhic Éadaigh. Is cáipéis mór go maith é an tuairisc seo (beagnach 20Mb), mar sin tá sé briste síos againn ina gcaibidlí níos lú.
Siúlóid Ghnáthóg Nádúrtha – Cliceáil ar na nascanna thíos:
Clár Ábhair: Réamhrá: Ceachtanna: Ábhar 1:Ábhar 1.1:Ábhar 1.2: Ábhar 2:Ábhar 2.1:Ábhar 3: Eolas:
Thart ar cúpla milliún bliain ó shin, bhuail réalta reatha áit gar do Thuar Mhic Éadaigh. Tá aithne ar an áit anois mar Gleann Sál.
Tuilleadh eolais faoi Ghleann Sál:
Thart ar chéad bliain ó shin tugadh cúnamh go athbheocháin na teanga trí bhunú Coláiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh. Trí Chonradh na Gaeilge, faoi stiúir Dubhghlas de h-Íde, agus le cúnamh ón Eaglais, ó Mhúinteoirí, Ghnónna agus dhaoine gairmiúla, fuair siad áit fheiliúnach chun coláiste Gaeilge Samhraidh a bhunú.